IRAAL logo

                                                               STAIR AN IRAAL

 

Tá ceangal díreach ann idir stair luath Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí agus bunú agus forbairt Institiúide Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) agus an chéad Chathaoirleach ITÉ, an tOllamh Conn Ó Cléirigh, nach maireann. Bunaíodh an ITÉ go dlíthiúil i 1972, agus thosaigh an ITÉ ag earcú foirne i 1974. I mí an Mhárta 1973, thuairiscigh Ó Cléirigh don tríú cruinniú an ÍTÉ gur léirigh an Association Internationale de Linguistique Appliquée (AILA) / Cumann Idirnáisiúnta na Teangeolaíochta Feidhmí suim sa bhunú de chleamhnaí Gaelaigh de chuid an AILA, agus moladh é go mbeadh ról ag an ITÉ an eagraíocht seo a bhunú. Tharla plé sa bhreis I 1974, agus bhí cruinniú bunaithe na heagraíochta ann ar an seachtú lá de mhí Iúil, 1975.  Dhréachtaigh Seán Mac Íomhair agus Clíona Mac Mathúna bunreacht don eagraíocht, agus thóg Carmel Ní Mhuircheartaigh, a bhí mar rúnaí ITÉ, ról an rúnaí comhfhreagrais. Thosaigh an cleachtas de léachtaí ar ábhair speisialta a eagrú agus de léacht a bheith ar siúl ag an gCruinniú Cinn Bhliana ag an am sin, le léacht ó Carl James as Beannchar ar ‘Anailís Earráidí’ i 1975, agus óráid ó David Little ag an gcéad CCB i 1976. Bhí Seán Mac Íomhair mar chéad Uachtarán an IRAAL, agus cinneadh é le linn a chéad téarma oifige tús a chur le foilseachán imeachtaí ón IRAAL, comhdhálacha agus seimineáir san iris Teanga.  Tháinig Teanga 1 ar an bhfód i 1979; ón am sin, ghlac an iris le sceideal foilseacháin bhliantúil, agus tá roinnt imleabhair speisialta ar ábhair ar leith foilsithe ag an IRAAL freisin.


Ionadaíocht an IRAAL

Chomh maith leis na dlúthcheangail leis an ITÉ, bhí caidreamh tábhachtach i gcónaí ann idir an IRAAL agus an AILA agus grúpaí eile mar shampla an Linguistics Association of Great Britain / Cumann na Teangeolaíochta na Breataine Móire (LAGB), British Association for Applied Linguistics / Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí na Breataine (BAAL), Cumann Aistritheoirí na hÉireann, agus araile. I 1983, d’óstáil an IRAAL cruinniú an Choiste Idirnáisiúnta (CI) an AILA a bhí ann ag an am céanna le comhdháil idirnáisiúnta an IRAAL ar ‘Teanga Trí Chultúir’ fad a d’óstáil an IRAAL CI an AILA arís i 1994 ag an am céanna leis an mórchomhdháíl idirnáisiúnta ar ‘Teanga, Oideachas, agus Sochaí i nDomhan atá ag athrú’. Reáchtáladh comhshiompóisiam an IRAAL/BAAL ar ‘Na Comhthéacsanna Foirmiúla agus Neamhfhoirmiúla de Theanga a Fhoghlaim’ i mBaile Átha Cliath i 1984, fad a réachtáladh comhsheimineár idir an IRAAL agus LAGB, a chlúdaigh réimse topaic i dteangeolaíocht theoiriciúil, teangeolaíocht fheidhmeach, agus an Béarla in Éirinn i mBéal Feirste i 1989. Le déanaí, i 1998, ghlac an IRAAL ballraíocht i Lárionad na dTeangacha Feidhmeacha an Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath chun urraíocht a dhéanamh ar chomhdháil idirnáisiúnta ar ‘Teangacha le haghaidh Sainfeidhmeanna agus Feidhmeanna Acadúla – Teoiric agus Cleachtas a imeascadh’. Éascaíonn an IRAAL malartuithe foilseachán le heagaraíochtaí teangeolaíochta feidhmí eile, agus cuireann sé leis an mbunachar sonraí an Lárionaid Teangeolaíochta Feidhmí (LTF) i Washington, D.C.

Sainíonn Bunreacht an IRAAL roinnt oifigigh na heagraíochta, an tUachtarán, an Rúnaí, an Cisteoir, agus ballraíocht ginearálta an Choiste Feidhmiúcháin san áireamh. Tháinig Uachtaráin an IRAAL ó chuid mhór cúlraí éagsúla, agus seo iad mar a leanas: Seán Mac Íomhair, Clíona Mac Mathúna, David Singleton, Nora French, Liam Mac Mathúna, Jeffrey Kallen, Tina Hickey, Jennifer Ridley, Dónall Ó Baoill, Angela Chambers, Muiris Ó Laoire, Anna Ní Ghallachair, Tadhg Ó hIfearnáin, Mary Ruane, Lorna Carson, Susanna nocchi agus an tUachtarán reatha, Iker Erdocia.

Tá breis eolas ar fáil ó óráid lá cothrom fiche bliain Dónall Ó Baoill agus foilsithe i dTeanglitir 22 (Samhain 1995), chomh maith le i bhfoilseacháin éagsúla an IRAAL


                                                          IRAAL representation

Review Your Cart
0
Add Coupon Code
Subtotal

 

This website uses cookies to ensure you get the best experience on our website.